Mary Immaculate Secondary School

Inir Oírr

22-May-24
Inir Oírr

Bhí lá spraíúil agus suimiúil ag lucht na hIdirbhliana ar Inis Oírr. Ar dtús
thugamar cuairt ar Chill Ghobnait áit a bhí mar thearmann do Ghobnait
chun teitheadh ó naimhde.

Tar éis sin chuamar chomh fada le hÁras Éanna, foirgneamh
chultúr an oileáin.

Dhreapamar chomh fada le Caislean Uí Bhriain. Bhí clann Uí
Bhriain i bhfeighil ar an oileán suas go 1585.
Sa reilig chonaiceamar Teampall Chaomháin. Bhí an Teampall i
bhfolach le fada de bharr an ghainimh. Bhreathnaíomar ar chruth na
bhfuinneog ársa.

Bhí an t-ádh dearg orainn nach raibh sé ag cur baistí go dtí am
lóin. D’itheamar bia blasta san óstán agus d’fhilleamar abhaile san
iarnóin.

Enquire
Contact
Mary Immaculate Secondary School,
Lisdoonvarna,
Co. Clare,
Ireland

065 707 4266


Ceist- Catholic Education, an Irish schools trust
Location
© 2024 Mary Immaculate Secondary School